Siopa

MMF4 Leabhar Taifead Dalta & Leabhrán Meastóireachta

12.95

Tá dhá chuid sa Leabhar Taifead Dalta:

Cuid 1

Mise Mé Féin!
Mo Láidreachtaí
Fáilte chuig an Domhan ina Mhairim!
Eolas faoin scoil

Tá gníomhaíochtaí faoi threoir agus gníomhaíochtaí neamhiata i Rannóg 1,  Mise Mar Fhoghlaimeoir 3, agus tugann siad cuireadh d’fhoghlaimeoirí feasacht a chothú ar a láidreachtaí, ar n-ábhair spéise, ar na rudaí a thaitníonn nó nach dtaitníonn leo, ar a nguíonna agus a n-aislingí.  Tugann ‘Mise Mé Féin!’, ‘Mo Láidreachtaí’ & ‘Fáilte chuig an Domhan ina Mhairim!’ cuireadh d’fhoghlaimeoirí a ndearcadh ar an saol a roinnt le daoine eile. Tá na gníomhaíochtaí ceaptha chun léargas a thabhairt ar shaol inmheánach an dalta, tuiscint a thabhairt ar a láidreachtaí agus ar a fhéiniúlacht éiritheach mar Fhoghlaimeoir. Spreagann bileoga gníomhaíochta treocha na daltaí chun machnamh a dhéanamh ar an domhan mórthimpeall orthu, conas mar is maith leo foghlaim, a ndearcadh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus a ndearcadh ar an scoil.

Cuid 2

Mo Shlite Foghlama
Deiseanna Freagartha
Leideanna Cúnta
Cártaí Machnaimh
Seicliostaí Piarmheasúnaithe

I gCuid 2, díríonn  ‘Mo Shlite Foghlama’  ar mheonta foghlaimeora agus ar an gcur chuige tábhachtach foghlama atá bainteach le nósanna foghlama éifeachtacha.   Moltar don dalta na meonta seo a aithint mar iompraíocht agus mar fhreagairtí seasta agus mealltar iad chun féinmhachnamh a dhéanamh agus chun úinéireacht a ghlacadh ar straitéisí chun feabhas a chur ar a gcuid éifeachtúlachta san fhoghlaim. Cuirtear na meonta foghlama seo a leanas i láthair ag leibhéal ginearálta i MMF3: Aire, Cuimhne, Iompar Foghlama, Meiteachognaíocht agus Eagrú.  Déantar Iompar Aire agus Foghlama a chíoradh go mion i MMF 4, fiosraítear Cuimhne agus Meonta Aigne go mion i MMF 5 agus fiosraítear Meiteachognaíocht agus Eagrú i MMF 6 chun páistí a ullmhú don mheánscoil.