Siopa

MMF4 Treoirleabhar & Acmhainní do Mhúinteoirí

39.95

Is do mhúinteoirí rang a trí an treoirleabhar seo.  Mínítear an réasúnaíocht agus an bunchreat don tsraith MMF.  Tugtar comhairle maidir le cur i bhfeidhm na sraithe. Ba chóir caithfí leis an Treoirleabhar mar chuid den oiliúint ar fad atá le fáil ar líne, oiliúint a mholtar duit a dhéanamh ar: www.misemarfhoghlaimeoir.com

Tá ocht bpríomhchuid ann:

CUID 1: RÉAMHRÁ

Tugtar léargas ar ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’, ar a thábhacht agus ar a ábharthacht

CUID 2: SPREAGADH

Mínítear an réasúnaíocht don tsraith MMF, dá lógó agus dá léaráidí téamacha.

CUID 3: BUNÚIS THEOIRICIÚLA

Cuirtear na bunúis theoiricúla don tsraith i láthair

CUID 4: CUR I BHFEIDHM & COMHTHÁTHÚ

Mínítear conas an tsraith a chomhtháthú agus cá gcuirtear i bhfeidhm í.

CUID 5: COMHPHÁIRTÍOCHT LE TUISMITHEOIRÍ

Moltar straitéisí chun fáilte a chur roimh chomhpháirtíocht le tuismitheoirí

CUID 6: PLEAN GNÍMH AN MHÚINTEORA

Treoir mhionsonraithe maidir le caibidil agus leathanaigh

CUID 7: FOCAL SCOIR

Cuirtear clabhbsúr le gach rud sa chuid dheireanach

CUID 8: AGUISÍNÍ