MMF5 Leabhar Taifead Dalta & Leabhrán Meastóireachta
€14.95
Tá dhá chuid sa Leabhar Taifead Dalta:
Cuid 1
Mise Mé Féin!
Mo Láidreachtaí
Fáilte chuig an Domhan ina Mhairim!
Eolas faoin scoil
Tá gníomhaíochtaí faoi threoir agus gníomhaíochtaí neamhiata i Rannóg 1, Mise Mar Fhoghlaimeoir 3, agus tugann siad cuireadh d’fhoghlaimeoirí feasacht a chothú ar a láidreachtaí, ar n-ábhair spéise, ar na rudaí a thaitníonn nó nach dtaitníonn leo, ar a nguíonna agus a n-aislingí. Tugann ‘Mise Mé Féin!’, ‘Mo Láidreachtaí’ & ‘Fáilte chuig an Domhan ina Mhairim!’ cuireadh d’fhoghlaimeoirí a ndearcadh ar an saol a roinnt le daoine eile. Tá na gníomhaíochtaí ceaptha chun léargas a thabhairt ar shaol inmheánach an dalta, tuiscint a thabhairt ar a láidreachtaí agus ar a fhéiniúlacht éiritheach mar Fhoghlaimeoir. Spreagann bileoga gníomhaíochta treocha na daltaí chun machnamh a dhéanamh ar an domhan mórthimpeall orthu, conas mar is maith leo foghlaim, a ndearcadh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus a ndearcadh ar an scoil.
Cuid 2
Mo Shlite Foghlama
Deiseanna Freagartha
Leideanna Cúnta
Cártaí Machnaimh
Seicliostaí Piarmheasúnaithe
I gCuid 2, díríonn ‘Mo Shlite Foghlama’ ar mheonta foghlaimeora agus ar an gcur chuige tábhachtach foghlama atá bainteach le nósanna foghlama éifeachtacha. Moltar don dalta na meonta seo a aithint mar iompraíocht agus mar fhreagairtí seasta agus mealltar iad chun féinmhachnamh a dhéanamh agus chun úinéireacht a ghlacadh ar straitéisí chun feabhas a chur ar a gcuid éifeachtúlachta san fhoghlaim. Cuirtear na meonta foghlama seo a leanas i láthair ag leibhéal ginearálta i MMF3: Aire, Cuimhne, Iompar Foghlama, Meiteachognaíocht agus Eagrú. Déantar Iompar Aire agus Foghlama a chíoradh go mion i MMF 4, fiosraítear Cuimhne agus Meonta Aigne go mion i MMF 5 agus fiosraítear Meiteachognaíocht agus Eagrú i MMF 6 chun páistí a ullmhú don mheánscoil.