[vc_row css_animation=”” row_type=”row” use_row_as_full_screen_section=”no” type=”full_width” angled_section=”no” text_align=”left” background_image_as_pattern=”without_pattern” css=”.vc_custom_1503569718336{padding-top: 60px !important;padding-bottom: 100px !important;background: #e5f7f9 url(http://misemarfhoghlaimeoir.com//wp-content/uploads/2017/08/background.jpg?id=135) !important;}”][vc_column width=”1/12″][/vc_column][vc_column width=”6/12″][vc_single_image image=”786″ img_size=”full” qode_css_animation=””][/vc_column][vc_column width=”4/12″][vc_column_text]
[/vc_column_text][vc_column_text css=”.vc_custom_1511259424600{padding-top: 20px !important;}”]
Ag Tacú le Modheolaíochtaí
[/vc_column_text][vc_empty_space height=”60″][vc_accordion active_tab=”0″ collapsible=”yes” style=”toggle”][vc_accordion_tab title=”Teicnící Measúnaithe Neamhiata”][vc_column_text]Úsáidtear tascanna neamhiata agus teicnící measúnaithe sa tsraith seo chun dearcadh an pháiste air féin mar fhoghlaimeoir agus chun a dhearcadh faoin bpróiseas foghlama a lorg. Ní bhíonn freagra ceart amháin nó aon fhreagra speisialta amháin ar thasc neamhiata. Tá siad ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla sa tsraith agus úsáidtear leideanna chun deiseanna a thabhairt do na foghlaimeoirí go léir, fiú iadsan atá sna ranganna is ilchineálaí, tabhairt faoin tasc atá idir lámha. Tá seans ann go n-úsáidfidh foghlaimeoirí éagsúla modhanna éagsúla smaointeoireachta agus spreagann úsáid na dteicnící agus na dtascanna neamhiata measúnaithe comhoibriú i measc na ndaltaí. Tá seans ann, chomh maith, go dtabharfaidh na daltaí freagraí níos iomláine, go spreagfar iad chun iad féin, a gcomhscoláirí agus a múinteoirí a cheistiú agus go spreagfar smaointeoireacht agus taiscéalaíocht iontu. Éiríonn go maith le gníomhaíochtaí neamhiata i ranganna ina mbíonn daltaí le cumais mheascaithe toisc an éagsúlacht chumais atá sna ranganna seo. Ciallaíonn seo nach mbíonn ach beagán eolais ag teastáil nó nach bhfuil aon teora leis an méid eolais agus scile a d’fhéadfadh na rannpháirtithe a úsáid agus a fhoghlaim.[/vc_column_text][/vc_accordion_tab][vc_accordion_tab title=”Deiseanna Freagartha”][vc_column_text]D‘fhéadfaí a rá gurb é an míniú atá le Deiseanna Freagartha (DF), nó le Straitéisí Gníomhacha Freagartha Daltaí (SGFML) mar a thugtar orthu chomh maith, ná gníomhú múinteora a mheallann nó a lorgaíonn freagra ó dhalta (Simonsen, Myers & DeLuca, 2010). Tugann DF cuireadh d’fhoghlaimeoirí freagra gníomhach a thabhairt ar leideanna múinteora. Tacaíonn DF le foghlaim an dalta agus le foghlaim, le rannpháirtíocht agus le measúnú an dalta, chomh maith. Tacaíonn DF go héifeachtach le measúnú indibhidiúil an dalta i suíomh an tseomra ranga. Chomh maith leis sin, faigheann an múinteoir aiseolas leanúnach ar éifeachtúlacht na múinteoireachta ó fhreagraí na ndaltaí.[/vc_column_text][/vc_accordion_tab][vc_accordion_tab title=”Féinmheasúnú”][vc_column_text]Cabhraíonn féinmheasúnú le foghlaimeoirí smacht gníomhach a choimeád ar a bpróiseas foghlama féin agus, mar sin, is céim thábhachtach í a chabhraíonn le dalta a bheith ag foghlaim go neamhspleách.[/vc_column_text][/vc_accordion_tab][vc_accordion_tab title=”Piarmheasúnú”][vc_column_text]Tá roinnt mhaith fianaise ann a deir go bhfoghlaimíonn foghlaimeoirí go héifeachtúil ón aiseolas a thugann siad dá chéile agus a fhaigheann siad óna chéile (Falchikov, 2012). Éilíonn piarmheasúnú ar fhoghlaimeoirí: freagracht a ghlacadh orthu féin agus a bheith freagrach as a bhfoghlaim féin; foghlaim a spreagadh trí phlé agus trí scileanna comhoibrithe a fhorbairt. Cuireann piarmheasúnú le spreagadh agus le spéis an fhoghlaimeora agus spreagann sé meiteachognaíocht. Tá go leor bileog oibre, bunaithe ar phiarmheasúnú sa chomhthéasc foghlama, ar fáil i mo shraith MMF.[/vc_column_text][/vc_accordion_tab][/vc_accordion][vc_empty_space height=”60″][/vc_column][vc_column width=”1/12″][/vc_column][/vc_row]