Tacaíonn an tsraith ‘Mise mar Fhoghlaimeoir’ le 30 Ráiteas de ‘Cleachtas Ardéifeachtach’ sa chreat nua maidir le féinmheasúnú scoile. Ráitis mar:
‘Féachann na daltaí orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus léiríonn siad é seo ina gcur chuige dearfach agus athmhachnamhach i dtaca le hobair ranga agus obair bhaile.’ (lch 13)
‘Déanann na daltaí measúnú ar a ndul chun cinn go réalaíoch agus tá siad ábalta cur síos a thabhairt ar a láidreachtaí agus réimsí forbartha mar fhoghlaimeoirí.’ (lch 16)
‘Glacann na daltaí freagracht as a bhfoghlaim féin.’ (lch 16)
‘Úsáideann múinteoirí cruinnithe tuismitheoirí-múinteoirí chun tacú le rannpháirtíocht bhríoch na dtuismitheoirí in oideachas a leanaí agus a bhforbairt mar fhoghlaimeoirí.’ (lch 20)
‘Bíonn meas ag na daoine sin a bhfuil róil cheannaireachta agus bhainistíochta acu ar dhearcthaí na ndaltaí.’
Tacaíonn mo MMF le múinteoirí agus iad ag comhlíonadh agus ag cloí le treoirlínte múinteoirí chun taifeadadh a dhéanamh ar:
Cé nach acmhainn shláinte mheabhrach í, cothaíonn mo MMF folláine an fhoghlaimeora trí chumasú, trí fhreagracht, trí úinéireacht agus trí ghuth a thabhairt dó i gcúrsaí foghlama. Beidh tionchar tairbheach cómhalartach ar fholláine an fhoghlaimeora mar thoradh ar úinéireacht agus éifeachtúlacht san fhoghlaim.
Tacaíonn mo shraith MMF leis an gclár AISTEAR:
Comhlaíonn mo shraith MMF aidhmeanna Measúnú chun Foghlama trí mheasúnú a úsáid mar uirlis chun foghlaim na bpáistí a fheabhsú sa seomra ranga:
Cuireann mo Shraith MMF creat comhleanúnach forbarthach céimneach ar fáil chun guth an fhoghlaimeora a rianú trí mhodheolaíochtaí ‘Measúnú don Fhoghlaim’ (MdF), trí dheiseanna féinmheasúnaithe agus phiarmheasúnaithe, trí úsáid rúibricí agus trí dheiseanna freagartha.
Téann mo MMF níos faide ná na treoirlínte mar cuirtear modheolaíochtaí measúnaithe neamhiata agus creataí STP ar fáil. Dírítear ar an bhfoghlaimeoir ag baint úsáide as modheolaíochtaí measúnaithe éagsúla, ar fhoghlaim conas foghlaim agus ar bheith a bheith gníomhaíoch mar fhoghlaimeoir.
Tugann mo shraith MMF: