What is Learner Identity?

bird

Cad is Féiniúlacht Fhoghlaimeora ann?

An teispéireas ar a bheith ag dul i dtreo na foghlama agus ar a bheith mar fhoghlaimeoir

Is é atá i gceist le Féiniúlacht Fhoghlaimeora ná an próiseas atá i gceist chun a bheith ag dul i dtreo na foghlama agus ar a bheith mar fhoghlaimeoir. Is “déantán coincheapúil” é a chumasaíonn machnamh ar an bpróiseas mothúchánach agus cognaíoch den eispéireas ar bheith ag dul i dtreo na foghlama agus ar a bheith mar fhoghlaimeoir. Go bunúsach, is é atá i gceist ná daltaí a chumasú chun léirmheas a dhéanamh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus chun forbairt a dhéanamh ar a dtuiscint maidir leis an tslí ina bhfuil idirnasc idir a ngníomhartha, a mothúcháin, a smaointe agus a n-aidhmeanna fúthu féin agus iad i bun foghlama.

Ag tabhairt aitheantais do ghuth an fhoghlaimeora

Laistigh de chreat Shícolaíocht na dTógán Pearsanta agus de Dhearcadh Láidreachtaí, rianaíonn ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ guth an fhoghlaimeora agus é ar a aistear léinn agus foghlama. Cuireann an tSraith MMF creat comhleanúnach forbarthach céimneach ar fáil chun guth an fhoghlaimeora a rianú i rith na scoilbhlianta. Tá na gníomhaíochtaí sa tsraith deartha chun dearcthaí an fhoghlaimeora a mhealladh agus chun an foghlaimeoir a spreagadh chun a ghuth féin faoin bpróiseas foghlama agus faoin éispéireas foghlama a thaifeadadh.

Ag foghlaim 'conas foghlaim'

Tá comhdhearcadh ag teacht chun cinn a thugann le fios gurb í an mhórsprioc oideachais don 21ú haois ná foghlaim ‘conas foghlaim’. Bhí Trough (2012) den tuairim nach múintear na scileanna tábhachtacha seo a leanas sna scoileanna: dianseasmhacht, féinsmacht, fiosracht, misneach agus féinmhuinín. Tá rannóg sa tsraith ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ bunaithe ar ‘Mo Shlite Foghlama’. Dírítear ar mheon agus ar fhorbairt aigne an fhoghlaimeora sa rannán seo. Léirítear tuiscint sa rannán seo go bhfuil claonadh i dtreo patrún áirithe d’iompar éirime agus go sealbhaítear meonta. Is í an aidhm atá ag an rannán seo ná tuiscint agus feasacht fhoghlama a fhorbairt faoin mbrí atá le meon foghlama. Aidhm eile atá leis ná forbairt a dhéanamh ar na cumais, na huirlisí agus na teaicticí is gá chun an meon sin a úsáid go héifeachtach.

Éifeachtúlacht, úinéireacht agus freagracht á gcothú san fhoghlaimeoir

Tarlaíonn foghlaim nuair a bhíonn smacht ag an bhfoghlaimeoir ar an bpróiseas foghlama. Méadaítear éifeachtúlacht san fhoghlaim nuair a theastaíonn ó fhoghlaimeoirí a bheith ag foghlaim, nuair a dhéanann siad machnamh, nuair a chuireann siad an bhrí ar fáil agus nuair a úsáideann siad an fhoghlaim ar mhaithe leo féin (Farrington et al. 2012). Deirtear go mbíonn tionchar ag an bhfreagracht a ghlacann an foghlaimeoir air féin dá chuid foghlama ar a fhéiniúlacht mar fhoghlaimeoir neamhspleách fadshaoil (Kolb & Kolb, 2012).
Cothaíonn an Clár ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ úinéireacht, éifeachtúlacht agus freagracht trí féinmhachnamh agus féinmheasúnú a mholadh agus trí machnamh a dhéanamh ar straitéisí chun an fhoghlaim a fheabhsú. Déantar an fhoghlaim a fheabhsú trí tionchar straitéisí roghnaithe ar éifeacht na foghlama a mheas.