bird

Ag Tacú le Modheolaíochtaí

Teicnící Measúnaithe Neamhiata

Úsáidtear tascanna neamhiata agus teicnící measúnaithe sa tsraith seo chun dearcadh an pháiste air féin mar fhoghlaimeoir agus chun a dhearcadh faoin bpróiseas foghlama a lorg. Ní bhíonn freagra ceart amháin nó aon fhreagra speisialta amháin ar thasc neamhiata. Tá siad ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla sa tsraith agus úsáidtear leideanna chun deiseanna a thabhairt do na foghlaimeoirí go léir, fiú iadsan atá sna ranganna is ilchineálaí, tabhairt faoin tasc atá idir lámha. Tá seans ann go n-úsáidfidh foghlaimeoirí éagsúla modhanna éagsúla smaointeoireachta agus spreagann úsáid na dteicnící agus na dtascanna neamhiata measúnaithe comhoibriú i measc na ndaltaí. Tá seans ann, chomh maith, go dtabharfaidh na daltaí freagraí níos iomláine, go spreagfar iad chun iad féin, a gcomhscoláirí agus a múinteoirí a cheistiú agus go spreagfar smaointeoireacht agus taiscéalaíocht iontu. Éiríonn go maith le gníomhaíochtaí neamhiata i ranganna ina mbíonn daltaí le cumais mheascaithe toisc an éagsúlacht chumais atá sna ranganna seo. Ciallaíonn seo nach mbíonn ach beagán eolais ag teastáil nó nach bhfuil aon teora leis an méid eolais agus scile a d’fhéadfadh na rannpháirtithe a úsáid agus a fhoghlaim.

Deiseanna Freagartha

D‘fhéadfaí a rá gurb é an míniú atá le Deiseanna Freagartha (DF), nó le Straitéisí Gníomhacha Freagartha Daltaí (SGFML) mar a thugtar orthu chomh maith, ná gníomhú múinteora a mheallann nó a lorgaíonn freagra ó dhalta (Simonsen, Myers & DeLuca, 2010). Tugann DF cuireadh d’fhoghlaimeoirí freagra gníomhach a thabhairt ar leideanna múinteora. Tacaíonn DF le foghlaim an dalta agus le foghlaim, le rannpháirtíocht agus le measúnú an dalta, chomh maith. Tacaíonn DF go héifeachtach le measúnú indibhidiúil an dalta i suíomh an tseomra ranga. Chomh maith leis sin, faigheann an múinteoir aiseolas leanúnach ar éifeachtúlacht na múinteoireachta ó fhreagraí na ndaltaí.

Féinmheasúnú

Cabhraíonn féinmheasúnú le foghlaimeoirí smacht gníomhach a choimeád ar a bpróiseas foghlama féin agus, mar sin, is céim thábhachtach í a chabhraíonn le dalta a bheith ag foghlaim go neamhspleách.

Piarmheasúnú

Tá roinnt mhaith fianaise ann a deir go bhfoghlaimíonn foghlaimeoirí go héifeachtúil ón aiseolas a thugann siad dá chéile agus a fhaigheann siad óna chéile (Falchikov, 2012). Éilíonn piarmheasúnú ar fhoghlaimeoirí: freagracht a ghlacadh orthu féin agus a bheith freagrach as a bhfoghlaim féin; foghlaim a spreagadh trí phlé agus trí scileanna comhoibrithe a fhorbairt. Cuireann piarmheasúnú le spreagadh agus le spéis an fhoghlaimeora agus spreagann sé meiteachognaíocht. Tá go leor bileog oibre, bunaithe ar phiarmheasúnú sa chomhthéasc foghlama, ar fáil i mo shraith MMF.