Mise Mar Fhoghlaimeoir

Mo Lógó MMF

Dearadh mo lógó MMF mar shuaitheantas a sheasann d’Aitheantas Pearsanta an Fhoghlaimeora. Feictear na trí éan i modhanna eitilte éagsúla agus iad ag léiriú fhealsúnacht na sraithe leis an teachtaireacht seo a leanas le haghaidh na bhfoghlaimeoirí go léir:

An bhfeiceann tú na héin?
Uaireanta, bíonn an t-éan idir dhá chomhairle agus bíonn cabhair uaidh chun bogadh ar aghaidh.
Uaireanta, bíonn brú beag ag teastáil ón éan chun tosú ag eitilt.
Uaireanta eile, bíonn an t-éan ag eitilt leis suas go hard sa spéir.
Is foghlaimeoirí iad na héin seo, díreach cosúil leatsa!
Rianaíonn an leabhar seo, Mise Mar Fhoghlaimeoir, an tslí ina bhforbraíonn tú mar fhoghlaimeoir agus an tslí ina mothaíonn tú faoin bhfoghlaim.
Bain taitneamh as gach uile leathanach agus tú ag teacht ar an eolas faoin tslí is fearr ina bhfoghlaimíonn tú!