Cuirtear creat ar fáil chun tacú le 30 Ráiteas de Chleachtas Ardéifeachtach ón gcreat nua maidir le féinmheasúnú scoile (Ag Breathnú ar an scoil againne: Creat Cáilíochta do Bhunscoileanna 2016).
Cuirtear bunchloch thacaíochta ar fáil do chomhaid thacaíochta an fhoghlaimeora ina gcuireann an foghlaimeoir a mheonta faoin bpróiseas foghlama in iúl agus ina riantar a aitheantas thar tréimhse ama
Cothaítear folláine an fhoghlaimeora trí chumasú, trí fhreagracht, trí úinéireacht agus trí ghuth a thabhairt dó san fhoghlaim
Tacaítear leis an gclár AISTEAR trí meon foghlama a fhorbairt agus trí páistí a spreagadh chun iad féin a shamhlú mar fhoghlaimeoirí cumasacha.
Comhlíontar na spriocanna le haghaidh MDF agus tacaítear le múinteoirí agus iad ag cloí le polasaithe measúnaithe reatha
Cuirtear fíorchreat ar fáil le haghaidh aitheantas agus fhreagracht an fhoghlaimeora i rith na scoilbhlianta
Cuirtear guth, freagracht agus éifiúchtúlacht an fhoghlaimeora i gcroílár an chleachtais scoile
Cuirtear creat comhleanúnach forbarthach céimneach ar fáil chun guth an fhoghlaimeora a rianú trí mhodheolaíochtaí ‘Measúnú don Fhoghlaim’ (MDF), trí dheiseanna féinmheasúnaithe agus piarmheasúnaithe, trí úsáid ruibricí agus deiseanna freagartha.
Cuirtear léargas de dhearcadh saoil an pháiste ag idirthréimhsí ar fáil chomh maith le léargas ar an eispéireas de bheith ag dul i dtreo na foghlama agus de bheith mar fhoghlaimeoir