Inspioraid don tsraith

bird

Inspioráid don tSraith ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’

Inspioráid

Tar éis blianta fada a chaitheamh ag feidhmiú i róil éagsúla, ina measc múinteoir ranga, múinteoir tacaíochta foghlama, síceolaí oideachais agus oideoir múinteoirí, b’í an cheist ba choitianta a chuirtí orm thar na blianta ná conas cabhrú le foghlaimeoirí. Is foilseachán uathúil nua é ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ atá ceaptha i gcomhpháirtíocht le múinteoirí agus tuismitheoirí chun cabhrú le páistí cabhrú leo féin agus iad ag dul i dtreo a bheith mar fhoghlaimeoirí.

 

Ceapadh an tsraith d’aon ghnó, chomh maith, chun guth an fhoghlaimeora agus é ag dul i dtreo na foghlama agus ag iarraidh a bheith mar fhoghlaimeoir i rith na scoilbhlianta a rianú. Go minic, i gcomhthéacs cinnteoireachta, ní chloistear guth an fhoghlaimeora agus déantar neamhshuim den tuiscint atá againn ar an bpróiseas foghlama thar tréimhse ama. Aidhm speisialta na sraithe is ea croinic nó taisclann den taithí scoile ón réamhscoil i leith, ó thaobh dhearcadh an fhoghlaimeora de, a chruthú agus a choimeád.

 

Tá sé i gceist, leis, go mbeadh cothromaíocht agus ailíniú ann maidir le ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ – cothromaíocht idir ‘sonraí crua’ móide ‘curaclam gan solúbthacht’ agus feasacht ar ‘cé hé’ móide ‘conas’ na foghlama agus lárnacht an fhoghlaimeora a léiriú trí hailíniú maidir le cleachtas seomra ranga. Le blianta fada anuas, dhírigh oideoirí agus lucht déanta polasaithe ar theagasc éifeachtach na múinteoirí. Tá an tsraith seo deartha go sonrach chun feasacht a chruthú faoin mbealach ina fhoghlaimíonn páistí, chun cabhrú leo a láidreachtaí foghlama féin a aithint agus chun meon foghlama a fhorbairt.