Goals

bird

‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ – Aidhmeanna na Sraithe

Cuirtear Guth an Fhoghlaimeora chun cinn

Rianaíonn ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ guth an fhoghlaimeora ar a aistear tríd an oideachas agus é ag dul i dtreo na foghlama. Cuireann an tSraith MMF creat comhleanúnach forbarthach céimneach ar fáil chun guth an fhoghlaimeora a rianú i rith na scoilbhlianta. Tá na gníomhaíochtaí sa tsraith deartha chun dearcadh an fhoghlaimeora a lorg agus chun é a spreagadh a ghuth féin faoin bpróiseas agus faoin éispéireas foghlama a thaifeadadh.

Cothaítear freagracht, éifeachtúlacht agus úinéireacht san fhoghlaimeoir

Cothaíonn an tsraith ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ freagracht, éifeachtúlacht agus úinéireacht an fhoghlaimeora. Spreagtar an foghlaimeoir chun machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas foghlama, chun tuiscint a fháil ar conas a bheith mar fhoghlaimeoir éifeachtach agus chun straiteisí a chinntíonn éifeacht agus rath níos fearr san fhoghlaim a roghnú. Dearadh ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ chun an fhreagracht maidir le foghlaim a bhogadh ó chleachtais an mhúinteora go dtí an foghlaimeoir féin agus é ag glacadh freagrachta, úinéireachta agus féinriar as a chuid foghlama féin.

Cothaítear meon an fhoghlaimeora

Tá rannóg sa tsraith ‘Mise Mar Fhoghlaimeoir’ bunaithe ar ‘Mo Shlite Foghlama’. Dírítear ar mheon agus ar fhorbairt aigne an fhoghlaimeora. Léirítear tuiscint sa rannán seo go bhfuil claonadh i dtreo patrún áirithe d’iompar éirime agus go sealbhaítear meonta. Is í an aidhm atá ag an rannán seo ná tuiscint agus feasacht fhoghlama a fhorbairt ar an mbrí atá le meon foghlama. Aidhm eile atá leis ná na cumais, na huirlisí agus na teaicticí is gá chun an meon sin a úsáid go héifeachtach a fhorbairt.

Múintear na huirlisí is gá maidir le foghlaim éifeachtach

Dírítear ar conas a fhoghlaimítear agus ar conas a spreagtar foghlaimeoirí chun machnamh a dhéanamh agus chun meonta foghlama maidir le foghlaim éifeachtach a fhorbairt. Dírítear ar Aire, ar Chuimhne, ar Eagrú, ar Mheiteachognaíocht, ar Mheonta Aigne agus ar Iompar Foghlama ó rang a trí go rang a sé. Úsáidtear téamaí ón gclár Aistear sna luathbhlianta.

Fáiltítear roimh pháirtnéireacht na dtuismitheoirí

Tá an tSraith MMF deartha i mbealach a mheallfaidh tuismitheoirí chun tacaíocht a thabhairt dá bpáiste agus é ag dul i dtreo na foghlama agus ag iarraidh a bheith mar fhoghlaimeoir. Tugann an tsraith dearcthaí ar an bpáiste mar fhoghlaimeoir do thuismitheoirí agus moltar straitéisí a bheidh úsáideach agus cabhrach i suíomh an teaghlaigh. Moltar éisteacht gan bhreithiúnas agus meas deimhneach gan chionníoll a bheith mar nós freagrachta ag tuismitheoirí agus iad ag tacú lena bpáiste agus é ar a aistear tríd an oideachas sa phróiseas chun a bheith mar fhoghlaimeoir. Tá an tsraith deartha chun go mbainfí taitneamh aisti agus tugtar seans do thuismitheoirí croinic de ghuth a bpáiste san oideachas i rith na mblianta múnlaitheacha forbarthacha a choimeád.

Tacaítear le cleachtais na múinteoirí maidir le measúnú múnlaitheach

Tacaíonn an tsraith MMF le cleachtas múinteoirí agus iad i mbun modheolaíochtaí measúnaithe mhúnlaithigh, trí Deiseanna Freagartha, Cártaí Cúnaimh agus Ciúbanna, Cártaí Machnaimh, Rúibricí, Sceidil Fhéinmheasúnaithe agus Phiarmheasúnaithe a chur ar fáil. In atmaisféar ina bhfuil polasaí náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le breis plé faoi rannpháirtíocht na ndaltaí, faoi mheasúnú múnlaitheach, faoi fholláine na ndaltaí, faoi mheastóireacht ar an scoil uile, cuireann Deiseanna Freagartha le páirtíocht, le gnóthachtáil agus le torthaí foghlamtha na ndaltaí. Tá tuairimí maidir le Deiseanna Freagartha i gCuid a 2 agus cuirtear réimse uirlisí inbhraite ar fáil do mhúinteoirí chun tacú le forbairt na féiniúlachta foghlama i ngach dalta.

Tacaítear le féinmheasúnú scoile

Tá an foilseachán uathúil seo tráthúil sa mhéid is go dtacaíonn sé le doiciméid pholasaí reatha. Tacaíonn ‘Mise mar Fhoghlaimeoir’ le 30 Ráiteas de Chleachtas Ardéifeachtach ón gcreat nua maidir le féinmheasúnú scoile (Ag Breathnú ar an scoil againne: Creat Cáilíochta do Bhunscoileanna 2016). Leagann sé an bhunchloch le haghaidh Comhad Tacaíochta Foghlama (SNSO 2017) ag cur pictiúr iomlánaíoch agus cothrom den fhoghlaimeoir ar fáil, pictiúr atá bunaithe ar dhearcadh agus ar ghuth an fhoghlaimeora.

Coimeádtear croinic den eispéireas foghlama thar ama

Cuireann an tSraith MMF creat comhleanúnach forbarthach céimneach ar fáil chun guth an fhoghlaimeora i rith na scoilbhlianta a rianú. Tugtar léargas ar fhorbairt an fhoghlaimeora ag amanna éagsúla agus thar tréimhe ama sa taisclann seo agus beidh sé sin thar a bheith luachmhar mar uirlis taighde agus go deimhin don fhoghlaimeoir é féin agus é ag féachant siar ar an bpróiseas a d’úsáid sé ar a aistear agus é ag dul i dtreo na foghlama.