Dr. Suzanne Parkinson

bird

An tÚdar

Dr Suzanne Parkinson (Nic Pheaircín)

 

 

Síceolaí Forbraíochta & Oideachais, C.Psychol., Ps.Sl.
B.Oid., B.Eol., M.Eol. i Síceolaíocht Forbartha & Oideachais, D.Oid. i Síceolaíocht Forbartha & Oideachais

Thosaigh Suzanne mar bhunmhúinteoir agus d’oibrigh sí i scoileanna príomhshrutha mar mhúinteoir ranga agus mar mhúinteoir acmhainne ar feadh roinnt mhaith blianta. Rinne sí breis staidéir in Ollscoil na Banríona, áit inar cháiligh sí mar shíceolaí oideachais. D’oibrigh sí mar shíceolaí oideachais le Bord Oideachais agus Leabharlainne Bhéal Feirste. Bhí sí ar an gcéad duine a cheap an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais mar shíceolaí oideachais i gContae an Chláir agus chuir sí an tseirbhís shíceolaíochta scoile ar fáil i 28 scoil ann. Rinne sí Dochtúireacht Ghairimiúil i Síceolaíocht Oideachais agus tá sí mar léachtóir thar na blianta i gColáiste Oideachais. Tá sí tiomanta d’úsáid na síceolaíochta i dtimpeallacht na múinteoireachta agus na foghlama.

Tá baint mhór ag Suzanne le síceolaíocht an oideachais go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus bhí sí ina cathaoirleach ar Rannóg na Síceolaíochta Oideachais de Chumann Síceolaíochta na hÉireann.